Straitéis agus Fís
Straitéis
Sa bhliain 2001, d’fhógair an Rialtas a Straitéis Sláinte Náisiúnta, Ardchaighdeán agus Cothroime : Córas Sláinte Duitse chun fís agus treoir straitéiseach a sholáthar i gcóir fhorbairt na seirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta. Leag an Straitéis amach príomhchuspóirí an chórais shláinte suas go dtí an bhliain 2010 atá bunaithe ar na spriocanna náisiúnta seo a leanas:
- Sláinte níos fearr do Chách
- Rochtain chothrom
- Cúram Sofhreagrach agus Cuí
- Feidhmíocht Ard
Íoslódáil Ardchaighdeán agus Cothroime (PDF, 1.03 MB). Tá an doiciméad seo as Béarla.
Fís
De réir na Straitéise Sláinte, is éard is fís ann ná córas sláinte :
- a thacaíonn agus a chumhachtaíonn tú féin, do mhuintir agus an pobal chun do chumas sláinte iomlán a bhaint amach,
- atá ann duit nuair atá sé de dhíth ort, atá cothrom agus a d’fhéadfá muinín a bheith agat as
- a spreagann thú chun do chuid tuairimí a nochtadh, a éisteann leat agus a chinntíonn go gcuirfear do thuairimí san áireamh.