Fáilte chuig Láithreán Gréasáin Chlár Leasaithe na Seirbhíse Sláinte

Seasann Clár Leasaithe na Seirbhíse Sláinte, a fógraíodh i mí Mheithimh 2003, do cheann de na cláir is uaillmhianaí ó thaobh athraithe de i gcóras sláinte na hÉireann thar thréimhse 30 bliain.

Baineann sé le réimse leasaithe chun cuidiú le seirbhísí sláinte a dhéanamh níos nua-aimseartha ionas gur féidir leis freastal níos fearr ar riachtanais a gcuid othar. Tá na leasaithe deartha chun seirbhís sláinte a bhaint amach a sholáthraíonn cúram d’ardchaighdeán, luach dár gcuid airgid agus a fheabhsaíonn bainistíocht an chúraim shláinte.